2461496: An Spidéal Thiar, An Spidéal, Co. Na Gaillimhe
SEE FULL DESCRIPTION ON SITE NOTICE. le haghaidh lárionad Cathartha trí stór, 1,368 m2, ina mbeidh leabharlann nua úrscothach agus halla éisteachta mar aon le spás taispeantais ilfheidhmeach a bheidh mar chroílár an spás phoiblí. Beidh áiseanna breise ar fáil, lena n-áirítear mol oideachais agus oiliúna maidir le meáin dhigiteacha, spásanna oideachais agus oiliúna i scannáin & ceol, stiúideonna ealaíontóirí, seomraí cruinnithe, seomraí ranga, dánlann le caifé, chomh maith le spásanna cúnta eile a thacóidh leis na príomháiseanna. tacóidh an mol oideachais agus oiliúna digiteach, a bheidh mar chuid den leabharlann, le háiseanna an champais agus an Lárionad Cathartha i gcoitinne. • Tacóidh cartlann scannáin agus ceoil dhigiteach (a bheidh ar fáil don phobal) le feidhmiú na leabharlanna. Feidhmeoidh an Cartlann mar ionad taighde intíre agus idirnáisiúnta agus mar tharraingt turasóireachta, ag cur ar chumas daoine staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, ag cabhrú le caomhnú na teanga, agus ag cabhrú le sealbhú fadtéarmach ar oidhreacht chultúrtha na Gaeltachta. • Athchóiriú agus síneadh ar Chlochar Naomh Éinde atá ann cheana féin. 620 m2 a chur leis chun gur féidir le Clochar Naomh Éinde leanúint ar aghaidh ag feidhmiú mar áis chónaithe institiúideach agus tacaíocht a thabhairt do na háiseanna oideachais agus oiliúna nua ar an gcampas. I measc na n-oibreacha seo tá: Athruithe chun inrochtaineacht a fheabhsú trí athchóiriú inmheánach ar an struchtúr atá ann, lena n-áirítear ardaitheoir, córas nua teasa inbhuanaithe agus atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de, agus córas bailithe uisce báistí. • Oibreacha athchóirithe lena n-áirítear deisiúcháin sheachtracha agus péinteáil nua, leagadh thart ar 70 m2 d’achar foirgnimh (atá mar chuid de shíneadh dhá stór ón mbliain 1990 ag cúl an Chlochair), agus leagan agus baint de scioból gairdín 7 m2 atá ann cheana féin, a bhfuil cuid de faoi thalamh. • Uasghrádú ar an díon atá ann cheana féin thar an síneadh trí stór ón mbliain 1990, lena n-áirítear díon nua a chuirfear thar an síneadh nua trí stór atá beartaithe ar chúl. • Soláthar painéil gréine PV ar an díon nua atá ag féachaint ó dheas ar fhoirgneamh sínte an Chlochair agus ar an bhfoirgneamh nua don Lárionad Cathartha, chun éifeachtúlacht fuinnimh agus inbhuanaitheacht áiseanna an champais a fheabhsú. Spás urláir comhlán na n-oibreacha beartaithe: 1123.44 sqm (H), 1644.47 sqm (Comm)
- Status
- Refused
- Lodged
- 7 Nov 2024
- Decided
- 10 Jan 2025
- Type
- Permission
- Council
- Galway County Council
- Council record
- eplanning.ie/GalwayCC/AppFileRefDetails/2461496/0
- Town
- Co. Na Gaillimhe
- Street
- Sold prices on An Spidéal Thiar
View location on OpenStreetMap
Other applications on An Spidéal Thiar
- 2561494An Spidéal Thiar, An Spideal, Co na Gaillimhe · Conditional · 14 Oct 2025
- 2560947An Spidéal Thiar, Baile Eamonn, Co na Gaillimhe · Refused · 14 Jul 2025
- 2460904An Spidéal Thiar, Ceol Na Mara Hotel, Co. na Gaillimhe · Conditional · 19 Jul 2024
- 2460367An Spidéal Thiar, An Spideal Thiar, Co na Gaillimhe · Refused · 3 Apr 2024
- 2460171An Spidéal Thiar, An Spideal, Co na Gaillimhe · Refused · 20 Feb 2024
Recent applications in Co. Na Gaillimhe
- 2661529An Phairc, An Spideal, Co na Gaillimhe · 8 Sept 2026
- 26223Seanadh Phéistín, Casla, Co. Na Gaillimhe · 4 Sept 2026
- 2661468Ros a Mhil, Co. na Gaillimhe, County Galway · 28 Aug 2026
- 2661460Maínis, Carna, Co. na Gaillimhe · 26 Aug 2026
- 2661402Cor Na Rón, Indreabháin, Co. Na Gaillimhe · 17 Aug 2026
- 2661397Cladhnach, An Cheathru Rua, Co na Gaillimhe · 14 Aug 2026
Source: National Planning Application Database (NPAD), Department of Housing, Local Government and Heritage (CC BY 4.0); look the application up on the council's ePlanning register for documents and the current status. A lodged application is not an approval; an approval is not proof of completed works. Applicant names are not published.